Scríobh Vincent Morley: '….An chluas bhodhar an polasaí
is fearr déarfainn.'
Aontaím leis sin go dearfach. C'én saghas duine a scríobhfadh ar ábhar atá
tabhactach dó/di gan a bheith réidh seasamh taobh thiar dá thuairimí ina
ainm fhéin? An amhlaidh go gceapann sé go bhfuil na tuairmí seo náireach ar
slí éigin? Beidh duine suarach mar seo lán-sásta má cuirtear as do alán
daoine agus má freagraíonn siad go feargach. Éiríonn thar bár leis ins an
fiontar seo mar is gnáthach. Ceapaim gur fuair sé an t-sásamh as an mbuairt
a chuir sé ar mhuinntir an liosta agus na freagraí a bhain sé asta.
Bhí tráth ann nuair abhí sé réasúnta coitianta ainmneacha cleite a úsáid do
litreacha dosna nuachtáin. Ainmneacha amaideacha mór-chúiseacha mar 'pro
bono publico' etc. Ní féidir liom cuimhneamh ar nuachtán ar bith a
cheadaíonn a letheid anois. N'fheadar cé'n fáth go bhfuil ainmneacha cleite
le feiceáil go forleathan ar an idirlíon? Samhlaíotar dom gur annamh an
tráth a thárlaíonn sé ar an liosta seo agus is breá liom í dá bhár sin.
Nárbh iontach é dá mba rud go raibh aontachtaí ag díospóireacht as gaeilge
ach a bheith toilteanach a ainm a chur leis na tuairmí? Taibhreamh
ioldathach ceapaim.
Jim Muldowney
|