>Rinne mé cuardach ar "Maximus Decimus Meridius" agus níor thug Google ach
>toradh amháin dom -
>"In the original script, Maximus was called Narcissus Meridas."
Bonanza!
Narcissus as Merida, príomhchathair Extremadura na Spáinne.
Ba mhór an chathair í in aimsir na Romhanach, níba mhó ná
An Aithin fhéin ag an ám. Iontas na n-iontas, tá doras Romhanach
ag an chathair go fóill, darb ainm an Decumanus Maximus
(nó Porta Decumana Maxima)!
Éinne a bhfuil eolas aige ar nósanna an airm Romhanaigh,
tá a fhios aige gurb é an cúldoras an Porta Decumana
i gcampaí Romhanach. Mar sin is féidir linn a rádh gurb é
Narcissus, a bhí ina chónaí taobh leis an culdoras mór
i gcathar Merida (Augusta Emerita) na Spáinne.
Mura bhfuil eolas agatsa ar nósanna an airm Romhanaigh,
abróidh mé giota beag duit fána gcoinne. Bhí dhá dhoras
ag achan champa, príomhdhoras agus cúldoras. Thug
an príomhdhoras aghaigh leis an namhaid, nó in éadan
na naimhde. Porta Praetoria a thugtar air de bharr gur
in aice leis a bhí pubaill an ghinearáil agus a ghárda
(ginearál=praetor, puball an ghinearáil=praetorium
ghárda an ghinearáil=praetoria cohors).
Ag an chúldhoras, i bhfad ón namhaid (agus níba
tabhachtaí, i bhfad ón ginearál), a bhí pubaill
an compántas, nó cohors, is lú tabhachta. Bhí deich
cohors sa legio, agus mar sin ba é an deichiú cohors,
an Decumani, a bhí in aice leis an culdhoras.
|