Céard seo Annraoi?
Bhí Brian ag caint faoin tionchar a bhí ag baill an liosta seo agus liostaí
eile ar RnaG a bheith ar fail ar an Idirlíon.
Sin a spreag Tony chun scríobh. Ní leir dom gur céim síos duitse an méid sin, ós
rud é gur chinntigh tú fhéin go raibh fhios ag an saol tú bheith ar RnaG tré
tchtí anseo agus ar chlár phlé chumasc, agus rl.
Aonghus
scríobh Annraoi Ó Préith:
> Scríobh Tony Corley:-
> Comhghairdeachas dár gcaraid Brian Ó Broin as bheith ar
> RnaG, agus poiblíocht a thabhairt dúinne ann. Ba ar Rogha an Lae a chualas
> féin é, agus ba léir ó ghuth na mná a bhí dá lathairiú go raibh idir iontas
> agus dí-chréideamh uirthi go mbéadh a leitheid do rud ann agus daoine ar an
> ÍdirLíon ar mhaith leo éisteacht le clárachaibh as Gaeilge.
>
> Dúirt Annraoi:-
> Nár chuala tú mise ar RnG fosta, ar chlár "an Pobal Aduaith"? Chualathas i
> Sydney na hAstráile mé agus mar gheall air sin, cuireadh agallamh gutháin
> orm a craoladh ar fud na hAstráile Dé Céadaoine na seachtaine seo chuaigh
> thart. Anois, cuir sin i do bhodhrán bheag bhídeach is bain tiún as !!! :-))
> Annraoi
|