Scríobh Tony Corley:-
Default StationaryComhghairdeachas dár gcaraid Brian Ó Broin as bheith ar
RnaG, agus poiblíocht a thabhairt dúinne ann. Ba ar Rogha an Lae a chualas
féin é, agus ba léir ó ghuth na mná a bhí dá lathairiú go raibh idir iontas
agus dí-chréideamh uirthi go mbéadh a leitheid do rud ann agus daoine ar an
ÍdirLíon ar mhaith leo éisteacht le clárachaibh as Gaeilge.
Dúirt Annraoi:-
Nár chuala tú mise ar RnG fosta, ar chlár "an Pobal Aduaith"? Chualathas i
Sydney na hAstráile mé agus mar gheall air sin, cuireadh agallamh gutháin
orm a craoladh ar fud na hAstráile Dé Céadaoine na seachtaine seo chuaigh
thart. Anois, cuir sin i do bhodhrán bheag bhídeach is bain tiún as !!! :-))
Annraoi
|