Donal Oisin Mac Neamhabhnaigh
A Dhónaill,
Thaitin an teachtaireacht a chuir tú chuig Gaeilge-A liom cé nach bhfaca
mé an scannán. Thug "lares et penates" na Rómhánach siar mé chuig laethanta
m'óige nuair a bhínn ag foghlaim na Laidine. Má tá suim agat sa Ghaeilge
b'fhéidir go gcuirfeá suim i láithreán atá á ullmhú agam ar ghramadach na
Gaeilge: EO FEASA. Gheobhaidh tú é ag an seoladh seo
http://homepage.eircom.net/~eofeasa
Ná bac leis na leathanaigh tosaigh ach téigh chuig clár na gceachtanna. Ba
bhreá liom do thuairim agus/nó do chomhairle a fháil uait.
Breandán de Róiste
Eo Feasa, Irish Tuition Online,
with email support of student's work,
-----Original Message-----
From: Nieciecki, Daniel O <[log in to unmask]>
To: [log in to unmask] <[log in to unmask]>
Date: 22 June 2000 23:56
Subject: Re: Gladiator
>Dia dhaoibh! Ta/im nua chuig an gComhra/ seo, agus ba mhaith liom me/
>fe/in
>a chur in aithne daoibh sula scri/obhaim faoin scanna/n "Gladiator." Donal
>Oisin Mac Neamhabhnaigh is ainm dom (no/ as Be/arla Daniel Oisin
>Nieciecki) agus ta/ an-lu/cha/ir orm teacht ar a/it inar fe/idir liom mo
>chuid Ghaeilge a u/sa/id. Is i Syracuse, Nua Eabhraic ata/im agus ni/l a
>la/n Gaeilgeoiri/ eile ar a bhfuil aithne agam...
>
>Faoin scanna/n, aontai/m go h-iomla/n le Sea/n. Rinne me/ mo/ra/n
>staide/ir ar Ro/imh agus a staire is a teanga, agus bhain me/ taitneamh
>chomh mo/r as "Gladiator" go dto/g me/ cara liom chun e/ a fheicea/il
>ari/s. Ta/ mo dho/thain agam anois, a/fach, agus is feidir liom feitheamh
>leis an bhfi/ste/ip.
>
>Faoi dhe/ithe Maximi, ceapaim go le/iri/onn siad go maith futhu. Feicimid
>e/ ag gui/ sula gcuireann an t-Impire fios do/, agus ta/ se/ ag ra/ ruda
>e/igin mar "A athar agus a mha/thar o/no/rai/the, tugaigi/ dom-sa neart
>agus tugaigi/ aire ar mo bhean che/ile agus mo mhac." (Ni/l a fhios agam
>go di/reach, ach sin i/ an smaoineamh ann). Ta/ se/ ag gui/ da/
>thuismitheoiri/ fe/in. Bhi/ re/ilgiu/in na Ro/mha/nach an-suimiu/il. Bhi/
>de/ithe an sta/it ann (Iuppiter, Iuno, Mars, mar sha/mpla) ach bhi/ na
>de/ithe teaghlaigh ni/os ta/bhachtai/ i saol laethu/il, in e/inneacht le
>h-anaim na sinsear marbh. Sin iad da/ raibh Maximus ag gui/, agus cuireann
>na Ro/mha/naigh *manes* ar na spioraid sin. Bhi/ *lares* agus *penates* ar
>na de/ithe teaghlaigh.
>
>Ni/os mo/ faoi Mhaximus. Ta/ a fhios againn gurb as *Hispania* e/.
>B'feidir gur ceilteach e/. Bhi/ Ceiltigh sa Spa/inn, agus ta/id ansin
>fo/s. Freisin, ni/ Ro/mha/nach e/ ainm Maximi. Nuair ata/ se/ roimh
>Chommodus sa Cholasaem ar dtu/s, deireann se/ gur "Maximus Decimus
>Meridius" a ainm la/n. Ni/ bheadh "Maximus" mar che/ad ainm ar e/inne a
>rugadh i gceantar Ro/imhe de ghinealach sean-ro/mha/nach. Ni/orbh ainm
>clainne e/ "Decimus" freisin. Is do/cha gur ti/reach na Spa/inne e/,
>Ceilteach no/ *Iberianus* ag a raibh saora/nacht ro/mha/nach. Riallaigh
>Ro/imh an Spa/inn o/n dara saol roimh Chri/ost, agus ta/ an bhliain 180
>ann nuair a thosai/onn an scanna/n seo.
>
|