Ar 22 Jun 2000, ag 19:43 scríobh Nieciecki, Daniel O
fán ábhar "Re: Gladiator":
> Dia dhaoibh! Ta/im nua chuig an gComhra/ seo, agus ba mhaith liom
Fáilte romhat, a Dhónaill!
> Ni/os mo/ faoi Mhaximus. Ta/ a fhios againn gurb as *Hispania* e/.
> B'feidir gur ceilteach e/. Bhi/ Ceiltigh sa Spa/inn, agus ta/id ansin
> fo/s. Freisin, ni/ Ro/mha/nach e/ ainm Maximi. Nuair ata/ se/ roimh
> Chommodus sa Cholasaem ar dtu/s, deireann se/ gur "Maximus Decimus
> Meridius" a ainm la/n. Ni/ bheadh "Maximus" mar che/ad ainm ar e/inne a
> rugadh i gceantar Ro/imhe de ghinealach sean-ro/mha/nach. Ni/orbh ainm
> clainne e/ "Decimus" freisin. Is do/cha gur ti/reach na Spa/inne e/,
> Ceilteach no/ *Iberianus* ag a raibh saora/nacht ro/mha/nach. Riallaigh
> Ro/imh an Spa/inn o/n dara saol roimh Chri/ost, agus ta/ an bhliain 180
> ann nuair a thosai/onn an scanna/n seo.
Maith thú! Chuala mé a ainm iomlán ach ní raibh mé cinnte fán gcuid
deireannach dhe. An bhfuil brí ar bith leis as Laidin? Nó ar ainm é
i dteanga eile agus cruth na Laidine curtha air? Níl ach fíor-
bheagán Laidine agamsa ach bhainfidh mé triail as aistriúchán a
dhéanamh. Beidh fáilte roimh cheartúcháin ar ndóigh!
Maximus: (an duine is) Mó
Decimus: Deichiú
Meridius: hmm...rud eicínt fá "meán-lae" nó "duine atá tugtha don
siesta"???? :-)
`~:.,.:'^`~:.,.:'^`~:.,.:'^`~:.,.:'^`~:.,.:'^`~:.,.:'^`~:.,.:'^`~:.,.:'^`~
S e á n Ó S é a g h d h a [log in to unmask]
Do you think I came to bring peace on earth? No, I tell you, but division.
Luke 12:51
|