Ar 22 Jun 2000, ag 23:21 scríobh JT Thompson
fán ábhar "Re: Gladiator":
> Chonaic. An-seafóid: scannán tipiciúil Meiriceánach faoi ghlóir
> impíreánach. Ceól deas, áfach...saghas.
'Sea. Scannán ó Hollywood a bhí ann. Ní ábhar iontais é go raibh
spúnóg bheag schmalz leis. Bhí mé réidh le spúnóg *mhór* dhe!
Ní bhfaca mé mórán "glóire impíreánaí" ann, áfach. Bhí téama ann
ceart go leor fá ónóir an tsaighdiúra agus dílseacht don Róimh is don
Impire ach bhí téama eile ann fá leochaileacht an daonlathais agus na
smaointe taobh thiar dhe. Nach mba "theagasc an scéil" gur olc an
rud é an lanchumhacht?
> Cúpla pointe faoi:
>
> * B'olc an fear é an Marcus Aurelius sin, i ndáiríre: rinne seisean níos mó
> _circi_ ná Rí na Róimhe roimhe, seachas a ráiteachas breátha.
An raibh Caesar ann riamh agus é ina fhear deas (de réir mhoráltacht
an lae inniu)? Níl mé i mo shaineolaí ar shaol na Róimhe ársa ach
tigim go raibh difríochtaí móra eadar an cúntas a thug naimhde
Caesaris áithrid air agus an ceann a thug a chairde air. Bheadh sé
ina naomh ag dream eicínt agus ina dhiabhail ag an dream eile. An
fiú an iarracht fíor-thuairisc a chuardach? B'fhéidir é más ag
scríobh na staire atá tú ach nach raibh an scannán seo bunaithe ar
urscéal románsach ón naoú céad déag? *Scéal* a bhí ann seachas stair.
> * Bhí daoine Róimhe an-tógálach le bhás na n-ainmhithe, ainmhithe a bhí
> faighte ón Aifric 7rl, mar peataí.
>
> Bhraitheann sé liom go mba Mheireacá ábhar ceart an scannán sin...
Nach féidir linn a rud céanna a rá fá scannán Meireacánach ar bith? ;)
`~:.,.:'^`~:.,.:'^`~:.,.:'^`~:.,.:'^`~:.,.:'^`~:.,.:'^`~:.,.:'^`~:.,.:'^`~
S e á n Ó S é a g h d h a [log in to unmask]
There is only one thing in the world worse than being talked about,
and that is not being talked about. Oscar Wilde.
|