Scríobh Tony:
>Fós gan réiteach, faríor. Déiseoidh an bainisteóir maidin amárach é,
>tá suil agam. Rud amhain a chuireas imní orm ná gur fadhb nua í, an
>tsrúth bheith ann ach an fhuaim ar lár, ...
Bhí fadhb den shórt céanna ó am go ham le sruth RnaG a bhí ag Cumasc,
chomh maith leis an gcartlann RnaG a bhí acu. Ní dóigh liom gur
éirigh leo a gcuid bhfadhbanna a dheisiú. Tá súil agam go mbeidh an
t-ádh níos fearr ar RnaG + RTÉ!
Fuair mise amach go bhfuilim in ann an sruth beo a thaifeadadh ar mo
ríomhaire, agus mé ag baint úsáid as RealPlayer Plus. Mar sin bhínn
á thaifeadadh ar feadh achan oíche agus níor chaill mé cláracha an
lae. Bhínn in ann éisteacht le RnaG an lá ar fad, agus mé ag obair
7rl! Ach is rud addictive é sin! (cad é an Ghaeilge ar addictive?)
Rachaidh mé as mo mheabhair gán a bheith in ann an sruth sin a fháil!
;-)
>... níl a fhios agam beo ach ón gcaoi a mbíonn a suíomh domhanda dhá
>choinneail, ní doigh liom go bhfuilid go híomlán ar a gcompóird le
>cursaí ríomhairíochta thall.
B'fhéidir go bhfuil an ceart agat --- nó is féidir gur chuir siad
córas nua éigin isteach.
>An t-uathfás baistigh i lár na Breataine, iomaí sin tithe báite fén
>tuille. Is ar éigin atá an samhradh buailte linn lena fhuacht is a
>bhíos an aimsear anseo. Iarsmaí do choirp naíoin dhá gcaitheamh sa
>mbruscar i n-otharlainn éigin...
!!! Samhradh dubh gránna atá agaibh go deimhin! Tugaim cuireadh
chun California daobh! :-) Tá an aimsir go hálainn sa Cheantar Bhá
Naomh Phrionsias na laethanta seo --- ach caithfidh sibh bhur ndeifir
a dhéanamh. Is cinnte go n-éireoidh sé ro-the aríst roimh deireadh
an tSamhraidh.
-Nikki
|