Siu/d is nach gna/ch a leithe/id a dhe/anamh ar Ghaeilge-A, caithfidh me/
a aidmhea/il go mbraithim cathuithe mo/ra millteacha orm an me/id seo
thi/os a aistriu/ go Be/arla (no/ go Gearma/inis, b'fhe/idir) , ar
mhaithe le hAnnraoi O/ hImle/ir, ar eagla nach bhfuil an li/ofacht (no/
an le/ann) aige go fo/ill a cheado/chadh do/ di/oscu/rsa comh le/annta
seo a thuigbhea/ilt as Gaeilge. ;)
On Wed, 21 Jun 2000, Vincent Morley wrote:
> Is cosúil nach bhfuiltear sásta leis an moladh go gcuirfí
> cosc ar úsáid ainmneacha bréige ar Ghaeilge-A, rud a
> fhágann go mbeidh Heinrich Himmler linn a fhaid is a
> chloíonn sé le húsáid na Gaeilge.
>
> An té a roghnódh a leithéid d'ainm cleite, caithfidh go
> bhfuil fadhbanna móra pearsantachta aige, mar a bhíonn
> ag lucht leanúna an Naziochais go hiondúil. Go minic
> bíonn coimpléacs ísleachtachta ag cur as dóibh: ní bhíonn
> siad ag dul ar aghaidh go maith leis sa saol agus tagann
> fonn orthu a gcuid frustrachais a agairt ar dhaoine atá
> éagsúil leo féin - ó thaobh cine nó creidimh nó cultúir de.
> Is minic a bhíonn néaróis nó síceois ar na daoine céanna
> freisin, agus bíonn sciar maith acu tugtha do chleachtais
> aisteacha gnéis: spéis acu i mbuaitisí móra troma agus
> an saghas feistis a chaitheadh an SS mar shampla, é
> sin nó sa neacraifilia.
>
> Ba chóir dúinn caitheamh go tuisceanach agus go
> foighdeach leis an diabhal bocht mar sin. Ná bíodh sé le
> rá fúinn go ndearnamar cibé aicíd atá air níos measa ná
> mar a bhí sé cheana féin. An chluas bhodhar an polasaí
> is fearr déarfainn.
>
> Vincent Morley
>
-------------------------------------------------------------------------------
Panu Petteri Höglund - Saoi ins na hIlbhéarlaibh
http://www.geocities.com/Athens/8308
"Aon uair amháin a gheibh duine ciall, tá deireadh aige
le haoibhneas an tsaoghail."
Séamus Ó Grianna: "Caisleáin Óir"
|