-----Original Message-----
From: Sean O Seaghdha <[log in to unmask]>
To: [log in to unmask] <[log in to unmask]>
Date: 22 June 2000 07:36
Subject: Gladiator
>An bhfaca sibh an scannán seo fós? Aon tuairim faoi? Bhí sé ar
>intinn agam dul amach lena fheiceáil anocht, ach tá sé fuar tais
>bréan anseo i Melbourne. Tá an báisteach ag cur lenár soláthar uisce
>a bhí ag laghdú leis an triomach, ach ní maith liom inniu é.
>
>`~:.,.:'^`~:.,.:'^`~:.,.:'^`~:.,.:'^`~:.,.:'^`~:.,.:'^`~:.,.:'^`~:.,.:'^`~
> S e á n Ó S é a g h d h a [log in to unmask]
>
>Is maol gualainn gan bhráthair. Seanfhocal.
Ann-scannán ar fad, leagán eile do Bhen Hur (nó Mac hUír már ba cheart dom a
rá...), ní furast dom trácht ar croí an scéil ag Gaeilge toisc nach bhfuil
tearmaí mileata agam (easca go leor é a dhéanamh i Laidin, lena raibh
d'aistrucháin déanta agam le linn m'óige), ach tá fear ionraic cróga ann
agus é i gceannas airm na Romanach le linn do Mharcus Aurielius bheith 'na
ímpire. Tá airm na dtreabh nGearamanach ós a gcomhair, agus tá an bua ag mo
dhuine. Cuma cé comh cróga minsiúil is atá sé i gcoinne na nGearmanach,
théip air sna cluife chumhachta a tharla i ndiaidh do mhac an Ímpire a
athair a dhúnmharú agus teacht i gcomharbacht air. Bhí an tÍmpire tár éis
cumacht na hÍmpiriúlachta a chur i lamha mo dhuine, ionas, tár éis is nar
éirigh le ríaltas na n-ímpireadh ach dochar a dhéanamh, go n-athbhúnóthaí an
Phobhlacht, ach cuireadh seo uile ar ceal i ndiaidh do Chommodus, mac an
Ímpire an chumhacht a aimsiú (brón orm ach níl aon bhealach is dúchasaí ná
seo an bhrí a chur). Deir an tÍmpire nua mo dhuine a chur chun báis go
rúnda, ach d'éalaigh sé...
Sin tús an scéil, agus ní mhillfeadsa ort é tréna mhíniú tríd síos, ach is
breá an scéal é, tá na eifeachtaí spéisealta ar fheabhas ar fad, ní ag cur
do chuid airgid amú a bhéitheá dá dtéitheá dá fhéiscint. Gné amhain de a
thugas féin fé ndéara ná an íomha sin a thugadh ar craifeacht nó pietas an
té nach Críostaí é, a dhilseacht do dhéithe a theaghlaidh, lares et pentates
mar a thugadh na Romanaigh air, agus an chréidiúint a bhí aige go
dtiúbhraidís áire dhó, sa saol seo nó sa saol a bhí le teacht.
|