----- Original Message -----
From: "Nikki L. Ragsdale" <[log in to unmask]>
To: <[log in to unmask]>
Sent: Sunday, June 04, 2000 6:53 PM
> A Tony,
>
> scríobh tú:
>
> >10 am maidin Domhnaigh, an bhfuil aoinne agaibh in ann fuaim ar bith
> >a chloisint ar RnaG. Tá an sruth ann, cinnte, ach níl fuaim ar bith
> >le cloisint
>
>
> Níl fuaim le cloinsint, ceart co leor. Bhain mise triail as aréir
> (10:30 tráthnona i gCalifornia, 6:30 ar maidin in Éirinn), agus cúpla
> uair eile fosta, ach caithfidh a bheith fadhb leis an sruth. Ní
> bheifar á cheartú go dtí maidin Dé Luain is dócha. :-(
>
> -Nikki
Fós gan réiteach, faríor. Déiseoidh an bainisteóir maidin amárach é, tá suil agam. Rud amhain a chuireas imní orm ná gur fadhb nua í, an tsrúth bheith ann ach an fhuaim ar lár, amhail is dá mbéadh duine éigin i gCalsa i ndiaidh an ghúthan ISDN a tharraingt amach, más amhlaidh a dhéantar an nasc, níl a fhios agam beo ach ón gcaoi a mbíonn a suíomh domhanda dhá choinneail, ní doigh liom go bhfuilid go híomlán ar a gcompóird le cursaí ríomhairíochta thall.
An t-uathfás baistigh i lár na Breataine, iomaí sin tithe báite fén tuille. Is ar éigin atá an samhradh buailte linn lena fhuacht is a bhíos an aimsear anseo. Iarsmaí do choirp naíoin dhá gcaitheamh sa mbruscar i n-otharlainn éigin...
|