Is cosúil nach bhfuiltear sásta leis an moladh go gcuirfí
cosc ar úsáid ainmneacha bréige ar Ghaeilge-A, rud a
fhágann go mbeidh Heinrich Himmler linn a fhaid is a
chloíonn sé le húsáid na Gaeilge.
An té a roghnódh a leithéid d'ainm cleite, caithfidh go
bhfuil fadhbanna móra pearsantachta aige, mar a bhíonn
ag lucht leanúna an Naziochais go hiondúil. Go minic
bíonn coimpléacs ísleachtachta ag cur as dóibh: ní bhíonn
siad ag dul ar aghaidh go maith leis sa saol agus tagann
fonn orthu a gcuid frustrachais a agairt ar dhaoine atá
éagsúil leo féin - ó thaobh cine nó creidimh nó cultúir de.
Is minic a bhíonn néaróis nó síceois ar na daoine céanna
freisin, agus bíonn sciar maith acu tugtha do chleachtais
aisteacha gnéis: spéis acu i mbuaitisí móra troma agus
an saghas feistis a chaitheadh an SS mar shampla, é
sin nó sa neacraifilia.
Ba chóir dúinn caitheamh go tuisceanach agus go
foighdeach leis an diabhal bocht mar sin. Ná bíodh sé le
rá fúinn go ndearnamar cibé aicíd atá air níos measa ná
mar a bhí sé cheana féin. An chluas bhodhar an polasaí
is fearr déarfainn.
Vincent Morley
|