On Wed, 21 Jun 2000, =?Latin1-ISO?Q?Gear=F3id_Mac_Cuinneag=E1in?= wrote:
> IMO:
> Scots: an teanga Ghearmanach [Be/arla na hAlbain?]
A Ghearo/id: Ma/s "Germanic" ata/ uait, is e/ an te/arma a bheir "Stair
na Gaeilge" air na/ "Gearma/nda". Ni/ ag fa/il locht ar do chuid Gaeilge
ata/im, ach amha/in go mbi/onn se/ praiticiu/il handa/ilte in
amanna bheith in ann "German" agus "Germanic" an Bhe/arla a dhealu/
o/ che/ile gan athbhri/ sa Ghaeilge, agus sinn ag labhairt fa/ chu/rsai/
teangeolai/ochta (no/ "teangachais", mar a d'u/irt Sea/n O/ hEochaidh).
Maidir le "Scots" agus "Scottish", ni/l le ra/dh agam i dtaobh na beirte
seo ach amha/in gur le/igh me/ ar leabhar i/nteacht - bi/m i gco/nai/ ag
baint rudai/ aisti/ocha as mo chuid leabhar! - go mb'e/ an che/ad bhri/ a
bhi/ leis an fhocal "Scots" na/ Gaeilge na hAlban; agus gur "Inglis"
seachas "Scots" a bheireadh lucht labhartha Bhe/arla na hAlban ar a
dteanga fe/in i dtoiseach.
> Scottish: Gaeilge na hAlbain
>
> --
> Gearóid Mac Cuinneagáin
> Tá m'aerbhád lán d'eascanna
>
-------------------------------------------------------------------------------
Panu Petteri Höglund - Saoi ins na hIlbhéarlaibh
http://www.geocities.com/Athens/8308
"Aon uair amháin a gheibh duine ciall, tá deireadh aige
le haoibhneas an tsaoghail."
Séamus Ó Grianna: "Caisleáin Óir"
|