scríobh Vincent Morley :
> Maidir le 'Heinrich Himmler', braithim gur chóir go mbeadh
> sé de cheart ag daoine gach saghas tuairime a nochtadh
> ar an liosta seo fhaid is atá siad sásta é a dhéanamh i
> nGaeilge, agus bheinn go hiomlán i gcoinne aon saghas
> cinsireachta polaitiúla.
>
Ach i gcás Sean Furlong (atá faoi cheilt ag an ainm seo Heinrich Himmler:
is leis struct.net, agus tá "sean" le feiscint sna "headers") is léir
onár dtaithí air nach plé atá i gceist. Ní cinsireacht a bheadh i gceist,
ach duine atá ag togaint achrann d'aon ghnó a chuir as an seomra!
> Tá cathú láidir orm a rá nach bhfuil úsáid ainmneacha
> bréige ceadaithe ar an liosta seo, ach níl an riail sin ann
> faoi láthair is níor mhaith liom aon chinneadh a dhéanamh
> faoi mura mbeadh sé ag teacht le toil na mball.
>
Is féidir moladh gur cheart fíor ainm a thabhairt, ach nil seans dá
laghad agat riail a chuir i bfeidhm! Níl aon fianaise agat, abair, gurbh
é Aonghus Ó hAlmhain m'ainmse, seachas go ndúirt me é.
Da bhrí sin, bheinn i bhfabhar an moladh a chuir leis an teachtaireacht a
chuirtear chuig baol nua, ach gan iarracht riail a dhéanamh a bheadh fíor
deacair cuir i bfeidhm.
beirigí bua
Aonghus
|