Ar 21 Jun 2000, ag 2:17 scríobh Vincent Morley
fán ábhar "Re: Ainmneacha bréige?":
> Tá rud amháin nach dtaitníonn liom áfach: is é sin daoine
> a úsáideann ainm bréige. An té nach bhfuil sásta a ainm
> a chur lena thuairimí, nílim chun mo chuid ama féin a chur
> amú á bplé leis. An liosta ríomhphoist ar a mbíonn daoine
> ag scríobh go hoscailte faoina n-ainm féin, braithim gur
> féidir é a cur i gcomparáid le teach tábhairne a mbíonn
> súl-aithne, ar a laghad, ag na custaiméirí ar a chéile ann.
> Ach na láithreáin fógraí úd a chuireann teachtaireachtaí
> dí-ainm in airde ar an ngréasán domhanda, is é an t-aon
> rud a chuireann siad i gcuimhne dhom ná cúl an dorais
> i leithreas poiblí.
>
> Tá cathú láidir orm a rá nach bhfuil úsáid ainmneacha
> bréige ceadaithe ar an liosta seo, ach níl an riail sin ann
> faoi láthair is níor mhaith liom aon chinneadh a dhéanamh
> faoi mura mbeadh sé ag teacht le toil na mball.
Bhuel cé go bhfuil suim agam in ainm/sloinne duine agus sa méid
eolais fán duine a mbeadh le haithint ann, ní féidir bheith cinnte go
mbaineann an t-ainm sin leis an duine a scríobh an teachtaireacht ar
chor ar bith. Tá traidisiún láidir ann ar an Idirlíon ainmneacha
bréige a úsáid agus ní go héasca a chuirfeá stop leis! Ní fiú ach
iarratas lách béasach a chur roimhe a ainm ceart a úsáid nuair a
chláraíonn ár nduine leis an liosta seo. Ní ba mhaith liom duine a
bheith bainte den liosta seo ar ábhar chomh suarach sin.
Nach é an dearcadh atá taobh thiar de ná "ní bhíonn gá le folach ag
an duine neamhchiontach", dearcadh atá ag déanamh an-damáiste, dar
liomsa, sa lá atá inniu ann agus na físcheamaraí 'chuile áit, méadú
ar chumhacht na bpóilíní, srl.
Le scéal gairid a dhéanamh de, ba mhaith liom dhá mbeadh fíor-
ainmneacha ann ach is cuma liom i ndáiríre mara bhfuil!
`~:.,.:'^`~:.,.:'^`~:.,.:'^`~:.,.:'^`~:.,.:'^`~:.,.:'^`~:.,.:'^`~:.,.:'^`~
S e á n Ó S é a g h d h a [log in to unmask]
A little sincerity is a dangerous thing, and a great deal of it is
absolutely fatal. Oscar Wilde.
|