D'fhiafraigh Tony:
>An bhfuil modh ar bith 'na bhfeadtar fáil réidh le daoinibh chuireas
teachtaireachtaí don tsaghas seo ar an líosta.
Maidir le 'shaz', ós rud é gur bhris sé/sí bunriail an liosta
d'aonghnó, tá sé/sí bainte den liosta agam (ní don chéad
uair dála an scéil mar bhí orm an rud céanna a dhéanamh
leis/léi uair amháin cheana ar an gcúis chéanna).
Maidir le 'Heinrich Himmler', braithim gur chóir go mbeadh
sé de cheart ag daoine gach saghas tuairime a nochtadh
ar an liosta seo fhaid is atá siad sásta é a dhéanamh i
nGaeilge, agus bheinn go hiomlán i gcoinne aon saghas
cinsireachta polaitiúla.
Tá rud amháin nach dtaitníonn liom áfach: is é sin daoine
a úsáideann ainm bréige. An té nach bhfuil sásta a ainm
a chur lena thuairimí, nílim chun mo chuid ama féin a chur
amú á bplé leis. An liosta ríomhphoist ar a mbíonn daoine
ag scríobh go hoscailte faoina n-ainm féin, braithim gur
féidir é a cur i gcomparáid le teach tábhairne a mbíonn
súl-aithne, ar a laghad, ag na custaiméirí ar a chéile ann.
Ach na láithreáin fógraí úd a chuireann teachtaireachtaí
dí-ainm in airde ar an ngréasán domhanda, is é an t-aon
rud a chuireann siad i gcuimhne dhom ná cúl an dorais
i leithreas poiblí.
Tá cathú láidir orm a rá nach bhfuil úsáid ainmneacha
bréige ceadaithe ar an liosta seo, ach níl an riail sin ann
faoi láthair is níor mhaith liom aon chinneadh a dhéanamh
faoi mura mbeadh sé ag teacht le toil na mball.
Vincent Morley
|