Scríobh Séamas:
> Ach ní dóigh liom gurb ionann síntiúsóirí Gaeilge A (500 duine?) agus
> muintir na hÉireann (5.25 milliún duine).
Nach tú atá dóchasach, a Shéamais! Bheadh 50 níos giorra don
fhírinne ná 500. Actually, níl ach 114 sheoladh ag fáil na
dteachtaireachtaí seo anois, de réir an fhógra "output" is
déanaí a fuair mé ó listserv. Tá 134 sheoladh ar fad cláraithe
ar Gaeilge-A i láthair na huaire, ach is léir go bhfuil cuid acu
ar "no-mail". Agus tabhair faoi deara gur "seoladh" a dúirt mé,
ní "duine", mar feicim go bhfuil Seán Mac Suibhne cláraithe faoi
chúig sheoladh éagsúla, agus go bhfuil dhá sheoladh ag cúpla duine
eile. Is beag an club muid! Ar an láimh eile, bíodh go bhfuil
beagnach 600 duine ar Gaeilge-B, níl an liosta "mór" sin níos
beoga ná an ceann seo anois díreach.
Má scrúdaítear an fhaisnéis a fhaightear ón ordú "review" is léir
freisin nach bhfuil ach céatadán sách beag dínn inár gcónaí in
Éirinn, thuaidh nó theas, fiú nuair a thuigtear go bhfuil cónaí
in Éirinn ar chuid de na daoine a bhfuil seoltaí ó yahoo.com,
hotmail.com, etc. acu.
Dennis
|