Cén Ghaeilge atá ar "kenning"? In _Saoithiúlacht na
Sean-Ghaeilge_, pléann P. L. Henry an tseift fhileata
seo mar a leanas:
"Comhfhocal an 'kenning' ar nós 'ethar-bruig'
"áit nó baile na long" = an fharraige; nó cnuasach
fileata ar nós 'adba rón' "áit nó baile na rónta"
= an fharraige; nó 'mong mná Manannáin' "folt mná
Mhanannáin maic Lir" = an fharraige; nó 'gabra lir'
= 'gabra réin' "capaill fharraige", i.e. maidhmeanna.
Bíonn brí an 'kenning' san iomlán difriúil le brí
aon chinn dá mhíreanna...."
An amhlaidh nach raibh focal dár gcuid féin againn
riamh air? Bhí téarmaíocht na bhfilí iontach saibhir
maidir le meadaracht agus mar sin de.
Dennis King
|