>Ní suirbhéanna a shocraíonn na ceisteanna seo (má tá ceist ann) ach úsáid
>an pobail.
>
>Séamas Ó Brógáin
>----------------
Uirlis is ea uirlis is ea uirlis, mar a dúirt an bhean a dúirt, agus
aontaím leat nach le suirbhéanna amháin is féidir ceist mar seo a shocrú.
Maidir le húsáid an phobail, bíonn leibhéil éagsúla úsáide ann. Dob
fhéidir, mar shampla, gur nós le daoine "Séamas" a thabhairt ortsa, ach gur
rud eile ar fad (ainm Béarla ná ligeann eagla roimh V. dom a lua ar a
liosta inniu!) a chuir do mhuintir ar do theastas breithe.
mg
--
Marion Gunn <[log in to unmask]>
|