Aiféala orm, a Vincent, ach tá brú (as Meiriceá) orm faoi bhóta atá le
caitheamh roimh an Aoine, agus níor theastaigh uaim muintir GhAEILGE-A a
fhágaint as an suirbhé tapaidh seo, ná am a ghlacadh ar liosta ar bith á
phlé. B'fhearr liom dul sa tseans agus olc a chur ortsa leis an gcúpla
focal Béarla sin (in ainm Chruim, conas dob fhéidir le duine an cheist sin
a chur GAN Béarla a úsáid?) ná olc a chur ar mhuintir GhAEILGE-A i
gcoitinne, as iadsan a fhágaint as!
mg
Ar 22:25 +0100 2000-06-19, scríobh Vincent Morley:
>Scríobh Marion:
>
>>Le freagairt laistigh de 24 u., más é do thoil é (please answer within 24
>hrs).
>
>
>
>A Mharion! Stad é sin anois! Bheinn ag súil le dea-shampla uaitse
>agus féach go bhfuil tú chomh dona leis an gcuid eile acu! Is liosta
>Gaeilge é seo. Ní liosta Béarla é. Ní liosta dhátheangach é. Is
>liosta *GAEILGE* é! Seo é an polasaí arís:
>
> Meabhraítear daoibh gur liosta le haghaidh teachtaireachtaí
> i nGaeilge é an liosta seo. Ceadaítear sleachta gearra
> athfhriotail i dteangacha eile más cuid de theachtaireachtaí
> Gaeilge iad, ach ní cheadaítear teachtaireachtaí nach í an
> Ghaeilge an phríomhtheanga iontu.
>
>Ní fheadar ar chóir dom sampla "Euro 2000" a leanúint agus córas
>cártaí buí agus cártaí dearg a bhunú?
>
>Vincent Morley
--
Marion Gunn <[log in to unmask]>
|