Scríobh Marion:
>Le freagairt laistigh de 24 u., más é do thoil é (please answer within 24
hrs).
A Mharion! Stad é sin anois! Bheinn ag súil le dea-shampla uaitse
agus féach go bhfuil tú chomh dona leis an gcuid eile acu! Is liosta
Gaeilge é seo. Ní liosta Béarla é. Ní liosta dhátheangach é. Is
liosta *GAEILGE* é! Seo é an polasaí arís:
Meabhraítear daoibh gur liosta le haghaidh teachtaireachtaí
i nGaeilge é an liosta seo. Ceadaítear sleachta gearra
athfhriotail i dteangacha eile más cuid de theachtaireachtaí
Gaeilge iad, ach ní cheadaítear teachtaireachtaí nach í an
Ghaeilge an phríomhtheanga iontu.
Ní fheadar ar chóir dom sampla "Euro 2000" a leanúint agus córas
cártaí buí agus cártaí dearg a bhunú?
Vincent Morley
|