Bhí dearfóirí litrithe faoi chaibidil anseo le déanaí. Tá ceann
a chruthaigh Kevin Scannell, "Ispell-Gaeilge", le fáil anois
ón seoladh seo a leanas:
http://borel.slu.edu/~kps/ispell/index.html
Nó is féidir teacht air ó leathanach an Fháinne Órga.
Sampla breá is ea é den mhéid ar féidir leis an duine aonair
a dhéanamh agus é ag obair as a stuaim féin - go háirithe
nuair a chuirtear i gcomórtas é le siléig an chórais stáit ...
ach fágfaidh mé siúd mar atá sé ar eagla go gceapfadh
éinne go bhfuilim ar tí dul isteach sa Pháirtí Daonlathach.
Vincent Morley
|