D'fhiafraigh Marion:
>Ceist ana-thapaidh agam oraibh: dá mbeadh bhur rogha agaibh, maidir le
>hathchló a chur ar na leabhair Ghaeilge is suimiúla, taitneamhaí nó úsáidí
>daoibh, nó eagráin nua a fhoilsiú (sa chló Rómhánach agus i litriú
>caighdeánach, cuirim i gcás), cad a bheadh chun tosaigh ar liosta na mianta
>agaibh?
Agus a laghad dánta fada a scríobhadh sa teanga, is
deacair a thuiscint cén fáth go bhfuil 'Laoi Oisín ar Thír na
nÓg' (saothar a luaitear le Mícheál Coimín) agus 'Eachtra
Ghiolla an Amaráin' le Donnchadh Rua Mac Conmara as
cló le fada. Dhéanfadh an chéad cheann, ach go háirithe,
leabhar breá ach é a mhaisiú mar ba chóir. Ina dhiaidh sin,
níor mhiste athchló a chur ar cheann ar bith nach mór de
na bailiúcháin filíochta a chuir Risteárd Ó Foghludha in
eagar - na cinn faoi Dhonnchadh Rua, Seán Clárach, Liam
Inglis, Liam Dall Ó hIfearnáin, 'Filí na Máighe' (cé gur
foilsíodh eagrán úr de dhánta an Mhangaire le déanaí),
Tadhg Gaelach, Eoghan Rua, etc. Is aisteach an rud é,
ach tá na hUltaigh go léir i gcló (Mac Cuarta, Mac
Cumhaigh, Ó Doirnín, cuirim i gcás, agus roinnt daoine
gan mhaith freisin - leithéidí Mac a Liondain nó Mac Giolla
Choille) fhaid is atá na Muimhnigh ligthe i ndearmad.
Vincent Morley
|