Date sent: Sun, 18 Jun 2000 23:42:54 +0100
Send reply to: Comhra i nGaeilge na hEireann <[log in to unmask]>
From: Tomás O Murchu <[log in to unmask]>
Subject: Re: Cluife Phéile
To: [log in to unmask]
> Tony
> Ní ró thógtha le do litriú a bheadh locht scríofa "Deutsch".
> Tomás O Murchú
Brón orm a Thomáis, ach ní raibh foclóir in aice láimhe liom agus
mé dhá scríobh! Níl a fhios agam an mbéadh a ndótháin chéille nó
"cop" mar a thugtaí air sa mbaile ag lucht leanúna Shasana éirí as
an raigairne is an chiréib fiú agus a bhfoireann i mbaol a caite
amach as an gcomórtas. Deirtear sna nuachtain anseo gur
mionlach a bhíos freagarthach as an bhfóiréigin, ach níl crut ná
craiceann na firinne ar an scéal sin, más míonlach a bhí nó atá
ann, tuige sa ndiabhal nach gcuireann an tromlach atá mar dhea i
gcoinne droch-iompair dhon tsaghas seo 'na luí ar na fo-dhaoine úd
éirí as. Níl sa bpéil sa tír seo ach cludach dóibh siúd ar mhaith leo
agenda fríth-choimhtíoch a chur ar shiúl, na daoine a leanas an
phéil anseo, is as an aicme ar a dtugtar i mBéarla an bruscar geal
dhon chuid is mó, cuid lárnach dá gcultúir bheith gréimithe don
télefís ó dhuibh duibh ag staonadh ar gach chluife dá shéafóidí í,
sin agus breathnú ar bhaill na bhfoireann mar dhéithe atá tar éis
tuirlingt anuas ó neamh!!
Mise, b'fhearr liom rugbaí!
|