---------- Original Message ----------------------------------
From: Séamas Ó
Reply-To: Séamas Ó
Date: Sun, 27 Feb 2000 11:13:28 +0000
>An bhfuil a fhios ag aon duine an E fada í an litir sin san ainm Dùn
>Eideann (Dùn Èideann?). Ní scríobhtar an síneadh fada de ghnáth ar
>cheannlitreacha i nGaeilge na hAlban (polasaí nach n-aontaím leis ar chor
>ar bith), ach feicim "Dún Éideann" i gcónaí ag Gaeilgeoirí na hÉireann. An
>meancóg é seo nó an amhlaidh go bhfuil siad ar an eolas?
>
>Míle buíochas.
>
>Séamas Ó Brógáin
>----------------
>
Is dóigh a Shéamais gur riachtanas gramadaí atá ann dúinn, mar go bhfoghrófaí é mar 'eden' in áit 'ayden' muna raibh an síne fada ann sa ghaeilge.
Dála an scéil, ós rud é gur duine le gaeilge na hÉireann mé féin, ní thuigim an difríocht idir an dá shíne fada difriúla i nGaidhlig na hAlban, ceann le fána chlé agus ceann le fána dheis.Miniú aon duine, ó Éirinn nó Albain?
Seán Ó Buachalla.
|