Ar 10:29 AM +0000 2/24/00, scríobh Annraoi Ó Préith:
>Ach c'as a dtáinig an focal "inslithe" = insulated ?
>sligh = kill, slay : inslithe = capable of being slain ? Ní dóigh liom é.
>
>Sílim féin gur míthuigbheáil atá i gceist bunaithe ar an fhocal Bhéarla féin
>gan aird a thabhairt ar fhréamhacha an fhocail chéanna,( i.e. an Laidin
>"insulatus" = oileán a dhéanamh de rud agus, ó sin, rud a scaradh amach ó
>rudaí eile. Sin é obair an "inslitheora". )
Is féidir agus is dócha nach raibh an duine a chum an focal "insligh"
dall ar fad ar an Laidin. Séard a fheicim ann ná "inis" (= oileán)
moide an foirceann briathartha "-(l)igh". Cailleadh an dara "i" in
"inis" de thoradh cuimriú (syncopation), .i. nuair a thiteann an dara
siolla amach i bhfocal nua a bhfuil trí shiolla nó níos mó ann:
máthair + eacha > máithreacha
Maidir leis an "l" in "insligh", is dócha go bhfuil sé ann faoi
thionchar na Laidine agus an Bhéarla araon, ach is féidir go raibh
an cumadóir faoi anáil an fhocail "leithligh" (apart, leis féin)
chomh maith.
Dennis King - Stair an Fhocail: torc
http://www.eskimo.com/~donncha/stair3.html
|