Táim ag foghlaim ón liosta seo. (Más mall is mithid a deir tú!)
Chuireas an cheist ar maidin ar chara liom as Gort an Choirce cén Ghaeilge a
bhíodh acu ansin le linn a óige ar "an tír seo is ansa linn". Tháinig an
freagra go pras uaidh "Éirinn".
Mar Bhleá Cliathach níor léir domsa ach a raibh sna leabhra agus sna
foclóirí.
Níor léir do mo leithéidse go dtí seo nach raibh an scéal iomlán ar fáil sna
leabhra sin. An t-aon fhoclóir atá agam a dhéanann iarracht freastal ar na
canúintí difriúla na Foclóir Lambert McKenna. Glacaim leis go bhfuil
géarghá anois le foclóir Béarla-Gaeilge agus ceann Gaeilge-Gaeilge. Leis an
méid airgid atá ag an tíogar Ceilteach nárbh fhiúntach an tionscnamh é sin
ag an Stát dlús a chur le foclóirí mar sin a fhoilsiú le cur ar ár gcumas an
teanga a fhoghlaim mar atá sí seachas mar a shamhlaítear í a bheith.
Caitheadh go leor ar cheiliúradh na Mílaoise nár fhág a dhath ina dhiaidh.
Nárbh fhearr airgead a chur chun tairbhe na teanga ag tús na Mílaoise nua.
>"Tá na foclóirí agus na graiméir lán go
barr dá leithéid, ag fógairt gurb é seo nó é sin an Ghaelainn atá
ar rud éigin, nuair ná déarfadh aon chainteoir i n-aon áit a leithéid".
>"Ach b'fhearr dhom mo bhéal a éisteacht sara dtosnód is ná beinn
ábalta stop!" a deir Maitias Mac Carthaigh
Ceann de na buntáistí atá ag an meán seo gur féidir aird a tharraingt ar
phointí arbh fhiú a lua agus daoine a chur ar an eolas fúthu. Maidir liom
féin ba bhreá liom samplaí den chineál seo a fheiceáil uait a Mhaitias.
Ceann díobh dá bhfaca mé féin i bhfoclóir de Bhaldraithe "Ice cream - -
uachtar oighir; reoiteog"!! Cad faoi "uachtar reoite"?
Breandán de Róiste
-----Original Message-----
From: Maitias Mac Cárthaigh <[log in to unmask]>
To: [log in to unmask] <[log in to unmask]>
Date: 23 February 2000 12:08
Subject: Re: Éirinn
|