AN CHOMHDHÁIL CHEILTEACH
Fonn ort bliain a chaitheamh ar choiste Chraobh na hÉireann den Chomhdáil
Cheilteach?
Seo deis iontach nach mbeidh ann arís go ceann bliana, mar is ag Cruinniú
Cinn Bhliana na Comhdhála a toghtar coiste na bliana.
Géarghá ag Coiste na hÉireann le fuil úr!
Baineann an chuid is mó de choiste reatha Chraobh na hÉireann leis an
aoisghrúpa 70-85 bl. Tá na gnáthbhaill mórán ar an gcaoi chéanna, cuid acu
daoine a bhí ag obair ar son Ghaeilge na hÉireann, ar son Ghaeilge na
hAlban, ar son Ghaeilge Oileán Mhanainn ar son na Breatnaise, ar son na
Cornaise agus/nó ar son na Briotáinise sula raibh an Dara Cogadh Domhanda
ann!
Ar mhaith leatsa seal a chaitheamh ag taisteal idir na tíortha Ceilteacha,
ag cuidiú linn ar an Idirlíon, agus ag obair le seanlaochra seo an fichiú
haois, chun an Chomhdháil Cheilteach a thabhairt ar aghaidh san aois nua
seo atá romhainn?
Is féidir clárú mar bhall den Chomhdháil Cheilteach, ach £5 a íoc leis an
gCisteoir ar do bhealach isteach chun an chruinnithe, a bheidh ar siúl an
tseachtain seo -- ar a hocht a chlog Oíche Déardaoin, 3ú Feabhra 2000, i
halla mór Áras Bhord na Gaeilge -- An Foras Teanga(cha) -- 7 Cearnóg
Mhuirfean.
Eolas eile:
Marion Gunn, OCP na Comhdhála Ceiltí, Seomra C215, Áras na nEalaíon,
Belfield <http://www.egt.ie/celtcong/cc-home-ga.html>.
=====
An fógra thuas le scaipeadh ar bhur lucht aitheantais, más é bhur dtoil é.
Más ball de chlub eile Gaeilge i mBaile Átha Cliath tú, b'fhéidir go
gcuirfeá cóip ar a gclár fógraíochta.
mg
|