LISTSERV mailing list manager LISTSERV 15.5

Help for GAEILGE-A Archives


GAEILGE-A Archives

GAEILGE-A Archives


View:

Next Message | Previous Message
Next in Topic | Previous in Topic
Next by Same Author | Previous by Same Author
Chronologically | Most Recent First
Proportional Font | Monospaced Font

Options:

Join or Leave GAEILGE-A
Reply | Post New Message
Search Archives


Subject: Mu/iri/n
From: Sean O'Connor <[log in to unmask]>
Reply-To:Comhra i nGaeilge na hEireann <[log in to unmask]>
Date:Wed, 4 Oct 2000 13:57:07 -0400
Content-Type:text/plain
Parts/Attachments:
Parts/Attachments

text/plain (19 lines)


Seo a bhí fúm a scríobh.
Nuair a bhí Ré an Oighir ar a dé dheiridh, dealraíonn gur chuireadh stop le
hoighearshruth amháin díreach san áit a bhfuil cónaí ormsa.  Leá an
t-oighear agus dá bharr sin níl againne mar thalamh ach clocha, mór agus
mion.  Thaitigh liom riamh gairdín a bheith agam, paiste beag le haghaidh
glasraí agus súanna.  Bhí a leithéid agam in Indiana, mar a bhfuil an ithir
troigh go leith ar dhoimhneas.  Ach, anseo, cé is móite de fhiailí agus
crainn dara, hiocaire, céadrais is conbhaiscne, is beag ní a fásann.  Ar
ndóigh, tá faiche mhór againn fearacht gach éinne eile sa cheantar agus í
bunaithe ar chúpla órlach d'ithir a scaipeadh ar na clocha nuair a bhíothas
ag tógáil an tí agus, ar ndóigh, caithimse rud éigin a dhéanamh leis na
scotháin féir mar nach nglacann an comhlacht bruscair leo a thuilleadh.
Well, múineann gá seift.  Má mheasctar na scotháin féir le duilleoga feoite
an Fhómhair agus iad a fhliuchadh beagán, i gcionn bliana bíonn carn mór
múirín agat.  Agus má thógann tú ceapaigh ardaithe, féadann tú iad a líonadh
leis an múirín agus sin gairdín agat, agus ní gairdín go dtí é.  Táim
díreach tar éis dhá chéad kilo de phrátaí a bhaint as ceapach amháin nach
bhfuil ann ach fiche méadar cearnach.  Mo ghrá é mar mhúirín agus dhá thonna
de á dhéanamh agam anois in aghaidh na bliana.

Back to: Top of Message | Previous Page | Main GAEILGE-A Page

Permalink



LISTSERV.HEANET.IE

CataList Email List Search Powered by the LISTSERV Email List Manager