LISTSERV mailing list manager LISTSERV 16.5

Help for SEANCHAS-L Archives


SEANCHAS-L Archives

SEANCHAS-L Archives


SEANCHAS-L@LISTSERV.HEANET.IE


View:

Message:

[

First

|

Previous

|

Next

|

Last

]

By Topic:

[

First

|

Previous

|

Next

|

Last

]

By Author:

[

First

|

Previous

|

Next

|

Last

]

Font:

Proportional Font

LISTSERV Archives

LISTSERV Archives

SEANCHAS-L Home

SEANCHAS-L Home

SEANCHAS-L  February 2018

SEANCHAS-L February 2018

Subject:

Dianchúrsa Gaeilge an SKSK i gKönigswinter ón 10ú go dtí an 13ú lá de mhí na Bealtaine 2018

From:

Felicitas Payk <[log in to unmask]>

Reply-To:

List for Scholars and Students of Gaelic Folk Traditions <[log in to unmask]>

Date:

Tue, 27 Feb 2018 13:54:56 +0100

Content-Type:

text/plain

Parts/Attachments:

Parts/Attachments

text/plain (138 lines)

 

 

A chairde agus a fhoghlaimeoirí na Gaeilge,

 

Tá an-áthas orainn gur féidir linn dianchúrsa Gaeilge a chur ar fáil, den chéad uair riamh, i samhradh na bliana seo. Beidh sé ar siúl i gKönigswinter na Gearmáine ón deichú go dtí an tríú lá déag de mhí na Bealtaine. Dhá leibhéal a chuirfear ar fáil. Cainteoirí dúchais a bheas i mbun teagaisc don chuid is mó den am. Tá muid an-sásta go rabhamar in ann na teagascóirí seo a leanas a thabhairt isteach sa bhfoireann:

 

An Dochtúir Feargal Ó Béarra agus

An Dochtúir Mícheál Ó Flaithearta

 

Chomh maith leis na ranganna, beidh cúpla imeacht cultúrtha ar siúl freisin. I measc na n-imeachtaí atá eagraithe againn, tá seisiún ceoil, ceardlann damhsaí Gaelacha, agus seisiún amhránaíochta Gaeilge (idir shean agus nua). Ní gá a bheith páirteach sna himeachtaí siúd agus ní bheidh aon chostas le cois ag baint leo.

 

Leibhéil na gCúrsaí

 

1. Cúrsa a haon (Ardleibhéal)

 

Feiliúnach do dhaoine a bhfuil Gaeilge mhaith acu agus atá ar a gcompord á labhairt.

Cuspóir an chúrsa: níos mó den chruinneas cainte a bhaint amach.

Ní foláir do na rannpháirtithe leibhéal C 1–C 2 (Fráma Tagartha Comónta Eorpach do Theangacha) a bheith acu.

 

 

2. Cúrsa a dó (Meánleibhéal)

 

Feiliúnach do dhaoine a bhfuil Gaeilge réasúnta maith acu.

Cuspóir an chúrsa: feabhas a chur ar na cuid scileanna cumarsáide: foghraíocht, nathanna, gramadach agus stór focal.

Ní foláir do na rannpháirtithe leibhéal B 1 (Fráma Tagartha Comónta Eorpach do Theangacha) a bheith acu.

 

3. Cúrsa a trí (Bunleibhéal)

 

Cúigear nó níos mó a theastóidh le go gcuirfear cúrsa ar bunleibhéal ar siúl. Sa gcás sin, cuirfear múinteoir breise ar fáil, múinteoir as an nGearmáin is dóichí. D'oirfeadh an bunchúrsa seo dóibh siúd a bhfuil beagán Gaeilge acu, de ghnáth ón ollscoil nó ó chúrsa Gaeilge samhraidh nó a leithéidí. Tabhair faoi deara, le do thoil: ní cúrsa do ghlantosaitheoirí nach bhfuil aon eolas acu ar an nGaeilge a bheidh anseo.

Cuspóir: athnuachana bunúsach chun athfhoghlaim agus athneartú a dhéanamh ar a gcuid Gaeilge.

Ní foláir do na rannpháirtithe leibhéal A 1–A 2 (Fráma Tagartha Comónta Eorpach do Theangacha) a bheith acu.

 

Maidir leis an leibhéal is fearr a d'fheilfeadh duitse, is féidir sin a fháil amach thrí fhéinmheasunú a dhéanamh. Féach mar shampla anseo: https://www.maynoothuniversity.ie/sites/default/files/assets/document/An%20Greille%20F%C3%A9inmheas%C3%BAnaithe_0.pdf

 

 

Dáta agus fad na gCúrsaí

Trí lá go leith (20 uair à 45 nóiméad), ón 10ú go dtí an 13ú lá de mhí na Bealtaine (Déardaoin Deascabhála, Dé hAoine, Dé Sathairn, Dé Domnaigh).

 

Amanna

Ar maidin agus tráthnóna, 9.30–16.30 (Sosanna idir 11.00–11.30, 13.00–15.00).

 

Táille Teagaisc

€ 120, nó € 100,00 ar lascaine (beidh táille laghdaithe ar fáil do mhic léinn, do phinsinéirí, dóibh siúd atá dífhostaithe, agus do bhallra an SKSK).

 

Clárú

Tá an tréimhse chlárúcháin ar oscailt anois go dtí an 15ú lá de Mhí Aibreáin. Moltar do dhaoine clárú gan mhoill. Tabhair faoi deara, le do thoil: ní ghlacfar le hiarratais dhéanacha ach ar chuntar nach ngabhfar thar an uaslíon scoláirí.

 

An líon daoine is ísle do na cúrsaí agus an t-uaslíon scoláirí

Mura mbeidh níos mó ná cúigear scoláire ag iarradh freastal ar an gcúrsa, ní chuirfear ar siúl é. Ní ghlacfar le níos mó ná 15 scoláirí ar aon chúrsa.

 

Admháil

Tabharfar admháil do na daoine a bhfuil spéis acu freastal ar na cúrsaí ach dóthain daoine a bheith sna cúrsaí.

 

Ionad teagaisc

Kunstforum Palastweiher, Winzerstraße 7, 53639 Königswinter, An Ghearmáin.

 

Lóistín

Tá rogha fhairsing lóistín ar fáil i gKönigswinter. Más gá, seolfar chugat liosta na dtithe lóistín. Ina dhiaidh sin, ba cheart do na scoláirí féin teagmháil a dhéanamh le lucht an lóistín agus gach socrú a dhéanamh leo srl. Beidh mioneolas maidir le costais le fáil ó lucht an lóistín féin.

 

Má tá ceisteanna nó aiseolas agat, déan teagmháil linn, más é do thoil é, ag  <mailto:eolas%40sksk.de> [log in to unmask]

 

Le dea-mhéin

 

Irene Balles agus Felicitas Payk (ar son an choiste stiúrtha)

 

Is é príomhchuspóir an SKSK na ceithre theanga Cheilteacha a mhaireann beo fós - Gaeilge na hÉireann, Gaeilge na hAlban, an Bhreatnais agus an Bhriotáinis - a 

 theagasc. Thairis sin, cuirtear teagmhais chultúrtha ar fáil, ceol agus litríocht go háirithe, a bhaineann leis na tíortha ina labhraítear na teangacha sin. 

Bíodh is go bhfuil nasc oifigiúil ag an SKSK le Rannóg an Léinn Cheiltigh i Roinn an Bhéarla, Ollscoil Bhonn, nach bhfuil ach cúpla míle ar shiúl uainn, is do 

 dhuine ar bith a bhfuil suim aige iontu na cúrsaí agus na himeachtaí eile a chuirtear ar siúl.

Top of Message | Previous Page | Permalink

Advanced Options


Options

Log In

Log In

Get Password

Get Password


Search Archives

Search Archives


Subscribe or Unsubscribe

Subscribe or Unsubscribe


Archives

February 2018
January 2018
October 2017
August 2017
July 2017
June 2017
May 2017
March 2017
February 2017
January 2017
November 2016
October 2016
September 2016
August 2016
July 2016
June 2016
May 2016
March 2016
February 2016
January 2016
November 2015
September 2015
May 2015
February 2015
December 2014
November 2014
October 2014
September 2014
August 2014
July 2014
June 2014
May 2014
April 2014
March 2014
February 2014
January 2014
December 2013
November 2013
October 2013
September 2013
August 2013
July 2013
June 2013
May 2013
April 2013
March 2013
February 2013
January 2013
December 2012
November 2012
October 2012
September 2012
August 2012
July 2012
June 2012
May 2012
April 2012
March 2012
February 2012
January 2012
December 2011
November 2011
October 2011
September 2011
August 2011
July 2011
June 2011
May 2011
April 2011
March 2011
February 2011
January 2011
December 2010
November 2010
October 2010
September 2010
August 2010
July 2010
June 2010
May 2010
April 2010
March 2010
February 2010
January 2010
December 2009
November 2009
October 2009
September 2009
August 2009
July 2009
June 2009
May 2009
April 2009
March 2009
February 2009
January 2009
December 2008
November 2008
October 2008
August 2008
June 2008
March 2008
February 2008
January 2008
December 2007
November 2007
October 2007
July 2007
May 2007
April 2007
March 2007
February 2007
January 2007
November 2006
August 2006
July 2006
June 2006
November 2005
October 2005
July 2005
June 2005
May 2005
April 2005
March 2005
February 2005
November 2004
October 2004
September 2004
July 2004
May 2004
February 2004
January 2004
December 2003
November 2003
October 2003
August 2003
July 2003
June 2003
May 2003
April 2003
March 2003
February 2003
January 2003
December 2002
November 2002
October 2002
September 2002
August 2002
July 2002
June 2002
May 2002
April 2002
March 2002
February 2002
January 2002
December 2001
November 2001

ATOM RSS1 RSS2



LISTSERV.HEANET.IE

Secured by F-Secure Anti-Virus CataList Email List Search Powered by the LISTSERV Email List Manager